Féile Chásca Cheatharlach [Podchraoladh]




An tImeall Archives - Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech show

Summary: Is i gCeatharlach atá ceannáras Blacknight, mar sin is ceart agus is cuí go gcuirfimís tús le sraith podchraoltaí i nGaeilge le comhrá le Bríd de Róiste ón eagraíocht Glór Cheatharlach.  Labhraíonn sí le Conn (23:19, 14MB, MP3) faoin nGaeilge i gCeatharlach, agus faoin bhFéile Chásca atá á eagrú ar an mbaile.  Bhí an Fhéile Phan Ceilteach i gCeatharlach le dhá bhliain anuas agus d’éirigh chomh maith sin leí, gur shocraigh muintir na háite ar Fhéile áitiúil a chur in a háit, nuair a bhog an Fhéile Phan Cheilteach ar aghaidh go Doire i mbliana. Reachtálfar an Fhéile Chásca i gcomhar le Fleadh Cheoil an Chontae agus beidh go leor imeachtaí eile ar siúl ar feadh trí lá ón 24ú go dtí an 27ú Aibreán. Podchraoladh seachtainiúil i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí spesialta faoi láthair ar ainmneacha fearainn, má cheannaíonn tú pacáiste óstála in éineacht leis: tuilleadh eolais ag domainoffers.me. Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.   Related articles We’re Irish and Proud of it! Seo Chugainn na Fearainn Bharrleibhéil Nua! Will the Internet Save the Irish language? Everything You Ever Wanted to Know about Blacknight’s New Datacentre Féile Chásca Cheatharlach [Podchraoladh] originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology Féile Chásca Cheatharlach [Podchraoladh] originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology